Donegal County Council Logo

Menu

Home > Your Council > Communications Office > Press Releases Archive > Press Releases 2022

18/11/2022 - Gradaim Náisiúnta do ghnólachtaí as Dún na nGall as seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge

Gradaim Award Recipients

 

Bronnadh Gradaim Ghnó Ghaeilge ar 37 gnólacht as Dún na nGall ag ócáid ardmheasúil i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an 15 Samhain. Is í seo an chéad bhliain den scéim aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann, atá forbartha ag Glór na nGael, ina ndéantar ceiliúradh ar an obair a dhéanann gnólachtaí ar son na Gaeilge.



Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Liam Ó Bléine: “Tá sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil an obair chrua agus an dúthracht atá ag gnólachtaí de chuid Dhún na nGall ag fáil aitheantais, agus iad ag caomhnú agus ag fás na Gaeilge ina gcuid seirbhísí ó lá go lá”.

 

Bunaithe ar an phróiseas measúnaithe, a tharla i mí Mheán Fómhair seo chuaigh thart, bronnadh Boinn Óir, Airgid agus Chré-Umha ar ghnólachtaí i dtrí chatagóir: Comharthaíocht; Margaíocht agus Brandáil; Seirbhís i nGaeilge.

 

Tugadh aitheantas do Dhún na nGall sa Chatagóir don Fhiontraí Óg fosta nuair a fuair Aoibhín Ó Deá as Gaoth Dobhair aitheantas as an nuálaíocht agus as an obair chrua atá déanta aici lena gnólacht féin, Cácaí Aoibhín, gnólacht a bhunaigh sí nuair nach raibh sí ach ceithre bliana déag d’aois.

 

Cuireann Aoibhín cácaí ar fáil do shiopaí agus do chaiféanna ar fud Ghaeltacht Iarthuaisceart Dhún na nGall, chomh maith le hócáidí speisialta ar nós cácaí breithlae agus cácaí bainise.

 

Dúirt John G McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá lúcháir orm an réimse leathan gnólachtaí seo a fheiceáil ag cur seirbhísí laethúla ar fáil i nGaeilge, chan amháin ó na ceantracha Gaeltachta s’againne ach ó cheantracha eile chomh maith ar nós Leitir Ceanainn. Is iontach an scéala é fosta fiontraí óg a fheiceáil, atá chomh tionscantach sin agus chomh tiomanta sin don Ghaeilge, agus iad ag cur lena ngnólacht ar fud na Gaeltachta. Is fianaise agus léiriú é sin ar an nuálaíocht agus an eitic oibre atá sa DNA againn!”.

 

Mar chuid d’fheachtas #CeannaighDúnnanGall / #BuyDonegal beidh seachtain ar leith ann ina ndíreofar ar ghnólachtaí Gaeltachta, agus beidh roinnt duaiseanna agus tairiscintí speisialta ag tarlú ón 12 Nollaig. Féach http://buydonegal.com fá choinne tuilleadh eolais.

 

Seo a leanas an liosta iomlán de ghnólachtaí as Dún na nGall ar éirigh leo gradaim a bhaint:

  • Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair
  • Drioglann Chroithlí
  • Amharclann Ghaoth Dobhair
  • An Siopa Gaeilge, Gleann Cholm Cille
  • GTeic@Cill Charthaigh
  • LIGID Léiriúcháin, An Bun Beag
  • Líonra Leitir Ceanainn
  • Lóistín Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag
  • Margadh na Mairt Teo
  • Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
  • Teach Solais Fhánada, Fánaid
  • Aerfort Dhún na nGall, Carraig Fhinne
  • Teach Jack, An Ghlaisigh, Doirí Beaga
  • An Cailín Gruaige, Siopa Gruaige, Cill Charthaigh
  • P.Mac Giolla Dé, Búistéirí Traidisiúnta, Leitir Ceanainn
  • Bus Feda Teoranta, Rann na Feirste
  • Oifig an Phoist, Doirí Beaga
  • Beachóga Dhún na nGall, Gleann Cholm Cille
  • Siopa Stiofán Anne, Stáisiún Artola, Croithlí
  • Spar, Doirí Beaga
  • Teach Tábhairne Uí Shearcaigh, Anagaire
  • Bliss Fashions. Leitir Ceanainn
  • Corveen Glen Meat Company, An Luinnigh, Doirí Beaga
  • Ireland By Bike, Bóthar Theilinn, An Charraig
  • Siúinéireacht Shéamuis Óig
  • Teach Sheáin Óig, Doirí Beaga
  • Tabhairne Leo, Mín na Leice
  • Bialann Danny Minnie, Anagaire
  • An Cope, Siopa Anagaire
  • Wet & Wild, Leitir Ceanainn
  • Maisiúchán Phóil Ó Breisleáin, Gaoth Dobhair
  • Teach Tessie, Mín na Leice
  • Ceimiceoir ‘Totalhealth’ Uí Dhomhnaill, Gaoth Dobhair
  • Crua Earraí Mhic Suibhne, Doirí Beaga
  • Aerfort Dhún na nGall, Carraig Fhinne
  • Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair
  • Drioglann Chroithlí

 

 

 

 

National award for Donegal businesses providing services through Irish

 

37 businesses from Donegal received Irish Business ‘Gradaim’ awards at a prestigious event in City Hall, Dublin on November 15th.  This is the first year of the national recognition scheme GRADAIM Gnó na Éireann, developed by Glór na nGael, in which the work of businesses for the Irish language is celebrated.

 

Cathaoirleach of Donegal County Council, Cllr Liam Blaney stated ‘’it’s fantastic to see the hard work and commitment of Donegal businesses recognised, to preserve and grow the Irish language through their day to day services’’.

 

Based on the assessment process, which took place last September Gold, silver and bronze medals were awarded to the businesses in three different categories: Signage; Marketing and Branding; Service in Irish.

 

Dún naGall was also recognised in the Young Entrepreneur Category, with Gaoth Dobhair native Aoibhín Ó Deá recognised for the innovation and hard-work she has shown in founding her own business, Cácaí Aoibhín, which she established when she was only fourteen.

 

Cácaí Aoibhín supplies cakes for shops and cafes all over the North-West Gaeltacht of Donegal as well as special occasions such as birthday cakes and wedding cakes.

 

Chief Executive of Donegal County Council John G McLaughlin added ‘’I’m delighted to see such a range of businesses not just from our Gaeltacht region, but other areas including Letterkenny, providing everyday services in Irish. It’s also brilliant to see a young entrepreneur with so much initiative and passion for the Irish language growing their business across our Gaeltacht region. It shows the innovation and work-ethic we have in our DNA!’’

 

As part of Donegal County Council’s #BuyDonegal / #CeannaighDúnnanGall campaign a special ‘’Gaeltacht Dhún naGall’’ themed week will focus on Gaeltacht businesses with a number of prizes and special offers taking place from December 12th. See http://buydonegal.com for more details.

 

 

The full list of award-winning Donegal business is as follows:

  • Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair
  • Drioglann Chroithlí
  • Amharclann Ghaoth Dobhair
  • An Siopa Gaeilge, Gleann Cholm Cille
  • GTeic@Cill Charthaigh
  • LIGID Léiriúcháin, An Bun Beag
  • Líonra Leitir Ceanainn
  • Lóistín Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag
  • Margadh na Mairt Teo
  • Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
  • Teach Solais Fhánada, Fánaid
  • Aerfort Dhún na nGall, Carraig Fhinne
  • Teach Jack, An Ghlaisigh, Doirí Beaga
  • An Cailín Gruaige, Siopa Gruaige, Cill Charthaigh
  • P.Mac Giolla Dé, Búistéirí Traidisiúnta, Leitir Ceanainn
  • Bus Feda Teoranta, Rann na Feirste
  • Oifig an Phoist, Doirí Beaga
  • Beachóga Dhún na nGall, Gleann Cholm Cille
  • Siopa Stiofán Anne, Stáisiún Artola, Croithlí
  • Spar, Doirí Beaga
  • Teach Tábhairne Uí Shearcaigh, Anagaire
  • Bliss Fashions. Leitir Ceanainn
  • Corveen Glen Meat Company, An Luinnigh, Doirí Beaga
  • Ireland By Bike, Bóthar Theilinn, An Charraig
  • Siúinéireacht Shéamuis Óig
  • Teach Sheáin Óig, Doirí Beaga
  • Tabhairne Leo, Mín na Leice
  • Bialann Danny Minnie, Anagaire
  • An Cope, Siopa Anagaire
  • Wet & Wild, Leitir Ceanainn
  • Maisiúchán Phóil Ó Breisleáin, Gaoth Dobhair
  • Teach Tessie, Mín na Leice
  • Ceimiceoir ‘Totalhealth’ Uí Dhomhnaill, Gaoth Dobhair
  • Crua Earraí Mhic Suibhne, Doirí Beaga
  • Aerfort Dhún na nGall, Carraig Fhinne
  • Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair
  • Drioglann Chroithlí